An cuimhin leat an oíche ud do bhí tú ag an fhuinneóg
Gan hata, gan laimhne dhod dhíon, gan chasóg?
Do shín mé mo lámh chut ‘s do rug tú uirthi barróg
Is d’fhan mé id chomhluadar nó gur labhair an fhuiseóg!
An cuimhin leat an oíche ud do bhí tú agus mise
Ag bun an chrainn chaorthainn ‘s an oíche ag cur chuisne?
Do cheann ar mo chíochaibh is do phíob gheal dhá seinm
‘S beag do shaoileas an oíche ud go scaoilfeadh ár gcumann!
A chumainn mo chroí istigh tar oíche ghar éigin
Nuair luífid mo mhuintir chun cainte le chéile
Beidh mo dhá láimh ad thímcheall is mé ag insint mo scéil dhuit
‘S gurb é do chómhrá suairc mín tais do bhain radharc Fhlaithis Dé dhíom!
Tá an teine gan choigilt is an solas gan mhúcha
Tá an eochair faoi ‘n dhoras is tarraing go ciúin í
Tá mo mháthair in a codladh agus mise i mo dhúiseacht
Tá m’fhoirtiún i mo dhorn is mé ullamh chun siúil leat!